Pokédex na Gaeilgeさんのプロフィール画像

Pokédex na Gaeilgeさんのイラストまとめ


Seo é ciclipéid leantóirdhéanta na Pokémon trí Ghaeilge! // This is a fan-made encyclopaedia of Pokémon in Irish! // le @ClickGate_

フォロー数:102 フォロワー数:498

786. Tapu Lele
An Pokémon Spioraid Talún

Saghas: Síceach 🧠 / Sióg 🧚

Spréigheann sé gainní lonracha ar daoine agus Pokémon chun a gcréachtaí a chneasú.

1 2

760. Béarbua
An Pokémon Láimhe Láidre

Saghas: Normálta 🙂 / Troid 🥊

Bíonn láidreacht millteanach ag an bPokémon an-dhainséarach seo. Níl cead isteach a ghnáthóg go hiondúil.

4 6

759. Gleoiteidí
An Pokémon Luasctha

Saghas: Normálta 🙂 / Troid 🥊

In ainneoin a chuma gleoite, nuair a éiríonn sé feargach agus croitheann sé a lámha agus a chosa, is féidir leis coraí a shíneadh amach.

1 3

749. Asaláib
An Pokémon Asail

Saghas: Talamh ⬇️

Is aoibhinn leis ag imirt sa láib. Mura chlúdaítear é le láib go laethúil, éireoidh sé faoi strus agus stopfaidh sé ag éisteacht lena Thraenálaí.

1 5

744. Clocoileán
An Pokémon Coileáin

Saghas: Carraig 🪨

Nuair a chuimlíonn sé na carraigeacha ar a mhuineál in aghaidh a Thraenálaí, sin é cruthúnas a ghrá. Áfach, bíonn na carraigeacha géara, agus mar seo bíonn an comhartha pianmhar!

3 4

442. Sprioduama
An Pokémon Coiscthe

Saghas: Taibhse 👻 / Dorcha 😈

Is Pokémon a raibh déanta le 108 spiorad é. Tá sé sáinnithe i ngág in eochair ait.

2 6

439. Mímín
An Pokémon Míme

Saghas: Síceach 🧠 / Sióg 🧚

Déanann sé aithris ar a naimhde go rialta. Tar éis a dhéanann sé aithris air, ní fhéidir leis an naimhaid a shúile a hiompú uaidh.

8 4

133. Éabhlaín
An Pokémon Éabhlóide

Saghas: Normálta 🙂

Mar gheall ar a chomhdhéanamh géiniteach éagobhsaí, ceileann an Pokémon speisialta seo a lán éabhlóide difriúla indéanta.

5 17

114. Trainmhí
An Pokémon Féithe

Saghas: Planda 🌱

Bíonn sé clúdaithe le féitheacha gorma. Ní fhaca éinne riamh an aghaidh faoin bhfás féitheacha seo.

1 8

010. Bolbaí
An Pokémon Péiste

Saghas: Feithid 🐜

Tá cupaí súcháin ar a chosa. Is féidir leis fánaí agus ballaí a dhreapadh gan sos gan scíth.

3 9